Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh i dtionscadal spéisiúil um theanga chomharthaíochta a thaifeadadh dar teideal Signon (https://signon-project.eu/).
Baineann roinnt feidhmchlár leas as teanga chomharthaíochta uathoibríoch i láthair na huaire ach níl na gléasanna seo thar mholadh beirte i ndáiríre. Is deis é an tionscadal seo dúinn chun feabhas a chur air sin.
Cé gur minic a chuirtear aithint cainte uathoibríoch ar fáil, ní bhíonn na gléasanna seo curtha in oiriúint rómhaith d’urlabhra daoine a bhfuil moill éisteachta orthu de ghnáth. Ba mhaith linn é seo a fheabhsú. Chuige sin, tá gá againn le neart taifeadtaí de theanga chomharthaíochta agus de chaint d’fhonn na haitheantóirí atá ann cheana féin a thraenáil agus a mhionchoigeartú.
Spéis agat ann? Glac páirt sa ghníomhaíocht agus cuidigh le rud fiúntach a dhéanamh! Tá gach eolas faoi le fáil anseo